Shop by Category
- New Arrival
- Featured
- Special
LEATHANACH BAILE
Fáilte chuig ár Suíomh Idirlín
Nascann Junction 19 Branding Limited seirbhísí spraephéinteála le seirbhísí digiteacha priontála agus comharaíochta trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht nua-aimseartha agus táirgí ardchaighdeáin chun seirbhís atá dírithe ar an gcliant a chur ar fáil. Déanaimid speisialtóireacht i spraephéinteáil ar fheithiclí tráchtála agus tá taithí de bhreis agus 20 bliain ag ár bhfoireann sa tionscal seo.
Nithe a Dhéanaimid
Cuireann Junction 19 Branding réimse cuimsitheach de sheirbhísí spraephéinteála agus brandála feithiclí ar fáil trí theicneolaíocht & trealamh nua-aimseartha a úsáid, dírithe go hiomlán ar an gcliant. Déanaimid speisialtóireacht i spraephéinteáil agus i sínscríbhneoireacht ar charranna, ar thrucailí agus feithiclí ar rian, ar fheithiclí éadroma tráchtála, chomh maith le hathruithe ar dhathanna cuideachtaí agus flít – aonaid altacha agus dholúbtha, agus innealra gléasra san áireamh.
Cuirimid seirbhís dhigiteach priontála ar fáil – agus áirithe sa tseirbhís sin tá priontáil grafaicí agus fillteog ar fheithiclí, comharthaí, grafaicí urláir, maighnéid, aistreoga innealra, grafaicí ar ghloine scamallach/fuinneoga, agus lipéid táirgí. Soláthraímid comharthaí don taobh istigh agus don taobh amuigh, taispeántais, comharthaíocht siopaí, vinilí veaineanna agus carranna, agus grafaicí saincheaptha.
Táimid inár Soláthar Údaraithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair do chomharthaíocht doirse tacsaithe.